• Freda
  • Foilsithe Samh. 18, 2013

Leabhar na Bliana buaite ag Cló Mhaigh Eo

Bhronn an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn gradam Leabhar na Bliana ar Chló Mhaigh Eo an tseachtain seo caite. Is é an leabhar ‘Gráinne Mhaol’ a bhuaigh an gradam agus é san iomaíocht le ceithre leabhar eile ar an ngearrliosta. Is comórtas ardghradaim é Leabhar na Bliana a a thugann aitheantas do scríbhneoirí agus d’fhoilsitheoirí atá ag foilsiú saothar Gaeilge den chéad scoth. Tá an comórtas á riaradh ag Oireachtas na Gaeilge agus á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge.

Insítear scéal eipiciúil Ghráinne Mhaol sa leabhar lándaite seo atá maisithe go healaíonta. Is é Gisela Pizzatto a scríobh, Bruno Büll a rinne an maisiú agus is é Iarla Mac Aodha Bhuí a d’aistrigh. Is iad Cló Mhaigh Eo foilsitheoirí an leabhair agus tá sé ar fáil ar line ag