• Freda
  • Foilsithe Aib. 14, 2015

Into the West - Mórthaispeántas san RDS | Into the West - West Expo

Reáchtálfar Into the West, Mórthaispeántas de Bhia, Turasóireacht agus Fiontar Iarthar na hEireann, taobh leis an permanent tsb Ideal Home Show i bPailliúin Simmonscourt san RDS, thar thrí lá an deireadh seachtaine beag seo. Táthar ag súil le breis agus 30,000 cuairteoir.

Is é an aidhm atá ag Into the West ná ardán a thabhairt do thogha agus rogha iarthar na tíre ó earnálacha an bhia, na turasóireachta agus na fiontraíochta. Beidh Gnó Mhaigh Eo i láthair ann agus muid ag taispeáint cuid de na táirgí iontacha atá ‘Déanta i Maigh Eo’. Beidh Beoir Oileán Éadaigh agus Uaineoil Sléibhe Acla linn chun blaiseadh de Co. Mhaigh Eo a thabhairt, agus beidh Óstán Bhéal an Átha i láthair chun fáilte a chur roimh chuairteoirí go Maigh Eo. Tá lucht ceardaíochta Craftworks Mayo gnóthach ag obair an tseachtain seo chun go mbeidh a gcuid táirgí agus ceardaíochta ar taispeáint faoin mbranda ‘Déanta i Maigh Eo’. Táimid ag tnúth go mór le deireadh seachtaine iontach sa phríomhchathair – An tIarthar Abú! Maigh Eo Abú!

Le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir le Into the West téigh go www.intothewest.ie


Into the West, the West of Ireland Food, Tourism & Enterprise Show, will take place alongside the permanent tsb Ideal Home Show in the Simmonscourt Pavilions at the RDS, over three days this coming weekend. 30,000 plus visitors are expected.

The purpose of Into the West is to showcase the very best from the western seaboard’s food, tourism and enterprise sectors. Gnó Mhaigh Eo will be in attendance showcasing some of the wonderful produce which is ‘Déanta i Maigh Eo’. West Mayo Brewery – Oileán Éadaigh and Uaineoil Sléibhe Acla will offer a taste of Mayo, and Hotel Ballina will offer people a welcome to come and stay i gCo. Mhaigh Eo. The creative craftspeople of Craftworks Mayo are busy working to showcase their various products and crafts under the ‘Déanta i Maigh Eo’ label. We’re looking forward to a great weekend in the big smoke - The West's Awake! Maigh Eo Abú!

For more details of Into the West, see www.intothewest.ie