Treacys Pharmacy

Bhunaigh Tom agus Kay Treacy cógaslann Treacy sa bhliain 1961 agus sa lá atá inniu ann tá a mac Des agus a bhean chéile, Elaine, i gceannas air anois. Is cógaslann aitheanta í Treacy’s i ndeisceart Mhaigh Eo. Sa bhliain 2008, d’oscail Des agus Elaine an siopa bia sláinte ‘Picture of Health’ in aice le Treacy’s agus tá an dá shiopa ceangailte lena chéile. Tá a lán seirbhísí ar fáil ann anois - tá cosliacht, fisiteiripe, comhairle cothúcháin agus níos mó ann! Tá ceathrar fostaithe lánaimseartha atá líofa sa Ghaeilge agus cé nach cainteoirí líofa iad Tom Treacy, Elaine agus cailín eile, tá níos mo ná an cúpla focal acu. Is í Caroline Ní Chonghóile an coslia atá ann agus is cainteoir dúchais í, is as ceantar Gaeltachta Cheathrú Thaidhg í. Is í Ruth Ní Lachtnáin an poitigéir atá ann agus tá Gaeilge líofa aici. Is cainteoir dúchais í an cúntóir siopa, Máirín Egan as an Fhairche, agus bíonn sí ag caint Gaeilge sa bhaile an t-am ar fad. Tá Séamas Ó Dómhnaill i gceannas ar an ionad grianghraf agus tá Gaeilge líofa aige. Tá sé ina chónaí san Fhairche, freastalaíonn a chuid pástaí ar an nGaelscoil, mar sin bíonn sé ag caint Gaeilge sa bhaile an t-am ar fad.

Treacy’s Pharmacy was founded in 1961 by Tom and Kay Treacy and now is run by their son Des and his wife, Elaine. Treacy’s Pharmacy is a well-known pharmacy throughout South Mayo. In December 2008, Des and Elaine opened a health food shop next door ‘Picture of Health’, both shops are connected to each other. Treacy’s Pharmacy/Picture of Health also provide services such as Chiropody, Physiotherapy, Nutrition advice, along with a whole lot more! Des and Elaine employ four staff with fluent Irish on a full-time basis and Tom Treacy, Elaine and one other shop assistant may not be fluent but they have more than the cúpla focal. Caroline Connolly, originally from the Gaeltacht region of Ceathrú Thaidhg is a native Irish language speaker. The pharmacist, Ruth Loftus, is a fluent Irish speaker. Máirín Egan, from Clonbur is a native Irish speaker and to this day still speaks Irish in her home. Séamas O’Donnell runs the photo centre in Treacy’s Pharmacy and he is a fluent Irish speaker. He is from Clonbur and his children now attend the Irish school in Clonbur, as a result he talks Irish at home!

Teagmháil | Contact