Réalta - Stiúdeo Fótagrafaíochta agus Seomra Tae

Is Stiúideo Fótagrafaíochta agus Seomra Tae é Réalta atá lonnaithe i gCoillte Mach, Contae Mhaigh Eo. Tugtar ‘mallbhia don saol gnóthach’ ar bheatha Réalta, agus is é an t-éiteas atá acu ná úsáid a bhaint as táirgí Éireannacha áitiúla chun miasa blasta de dhéantús baile, idir mhilis agus neamh-mhilis, a chur ar fáil. Tá tréithe suimiúla ag an seomra tae atá deartha i stíl seanré agus dáiltear an tae agus an caife i soithí poircealláin ornáideacha.

Is spás ilfheidhmeach é, a fheidhmíonn mar stiúideo gairmiúil fótagrafaíochta chomh maith. Tá cúinne ar leith ann atá ar fáil d’ealaíontóirí áitiúla chun a gcuid saothar a thaispeáint.

Déanann foireann Réalta iarracht gach deis a thapú an Ghaeilge a labhairt agus iad ag freastal ar na custaiméirí. Níl aon dabht ach go bhfuil paisean agus grá don Ghaeilge ag na húinéirí, Barbara agus Mairéad, agus go bhfeiceann siad an fiúntas eacnamaíochta a bhaineann léi agus í in úsáid acu sa bhrandáil "Réalta", a chiallaíonn "Star". Ba mhaith leo biachláir dhátheangacha a chur ar fáil chomh maith, a bheadh an-oiriúnach chun an raon leathan de tháirgí aitiúla atá in úsáid acu a léiriú go héifeachtach.

Réalta Photographic Studio and Tea Room is located in Kiltimagh, Co. Mayo. Described as "a slow food movement in a fast paced world", Réalta's ethos is to use as much locally sourced Irish produce to create delicious savoury and sweet home-made dishes. The tea room setting is full of character with a quirky, vintage design serving tea and coffee in ornate china.

The space is multi-functional and also operates as a Professional Photo Studio. There is a designated artists corner, which is available to local artists as a space to display their work.

Réalta staff make every effort to use the Irish language as much as possible. Owners Barbara and Mairéad are passionate about the Irish language in their business with the use of Réalta meaning "star" in their branding. They wish to incorporate the Irish language in their menus which will suitably capture the wide range of local produce used. 

Teagmháil | Contact