Petals

Agus iad bunaithe mar ghnó gruagaireachta i gCathair na Mart, d’oscail Petals áitreabh nua i gCaisleán an Bharraigh in 2015. Tá praghasliosta dátheangach curtha le chéile acu agus tá dearadh iontach cruthaitheach air. Tá Gaeilge curtha acu ar na comharthaí lasmuigh den fhoirgneamh freisin i gCaisleán an Bharraigh leis na focail - Bí Álainn agus Bláth na hÁilleachta ag cur luach breise leis an ainm brandála atá acu. Déanann siad gach iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn an oiread agus is féidir. Tá Saoirse Gibbons ina príomhghruagaire le Petals agus is cainteoir Gaeilge líofa í. Bíonn sí ag obair i gCathair na Mart agus i gCaisleán an Bharraigh araon, agus cuireann sí fáilte chroíúil i nGaeilge roimh chustaiméirí aon deis a fhaigheann sí.

Having established themselves in Westport, Petals Hair and Beauty opened another premises in Castlebar in 2015. They have a beautifully designed, fully bilingual price list printed and they also have Irish included on the exterior of the building in Castlebar with the words – Bí Álainn and Bláth na hÁilleachta adding value to their brand name. They do their best to promote the language where possible. Saoirse Gibbons, senior stylist in Petals is a fluent Irish speaker. Working in both Westport and Castlebar, she provides customers in both towns with a ‘fáilte’ as Gaeilge when she gets the chance. 

Teagmháil | Contact