Pamela Gray

Is ealaíontóir/maisitheoir í Pamela Gray ó Chathair na Mart, Co. Mhaigh Eo. Tá sí lonnaithe i stiúideo Teach an Chustaim i gCathair na Mart, áit a mbíonn sí i mbun dearthóireachta, péintéireachta agus meán measctha mar chuid dá cleachtadh ealaíne. Cruthaíonn sí léaráidí trí líníocht dhraíochtúil agus airgtheach atá lán le grinn. Bhí a cuid léaráidí le feiceáil ar an gclár d’Fhéile Ealaíon na bPáistí, Roola Boola, ag Ionad Ealaíon an Linenhall i gCaisleán an Bharraigh. In 2009 dhear sí an postaer d’Fhéile Ealaíon Chathair na Mart agus tá a léaráidí in úsáid ag gnónna áitiúla ar nós Bláthanna Brawn, Bialann La Bella Vita agus The Gaiety Antiques and Vintage Store.


Tá dioplóma aici i nDearadh Teicstílí (GMIT, Gaillimh), bhain sí céim chéadonóracha amach i Léiriúchán (Ollscoil Derby, Sasana), agus tá bliain amháin déanta aici i MA i Maisiú Leabhar do Pháistí (Children's Book Illustration) (Ollscoil Anglia Ruskin, Cambridge).


Thar na blianta bhí saothair Pamela le feiceáil mar chuid de thaispeántais aonair, taispeántais ghrúpa agus i neart bailiúchán príobháideach ina baile dúchais, Cathair na Mart, agus in áiteanna eile in Éirinn agus thar lear.

Ba í Pamela a dhear an íomhá álainn atá ar an leathanach baile den suíomh seo agus atá ar an múrphictiúr taobh amuigh d'oifig Ghnó Mhaigh Eo.

Pamela Gray is an artist/illustrator from Westport, Co. Mayo, where she is currently based
at the Custom House Studios. Drawing, painting and mixed media are at the fore of her artistic practice. Through her use of line drawing she creates charming illustrations that are inventive, intriguing and wholly amusing. Her illustrations have been used for the Roola Boola Children's Arts Festival Programme, at the Linenhall Arts Centre, Castlebar, the 2009 Westport Arts Festival poster and by various Westport businesses including Brawn's Flowers, La Bella Vita Restaurant and The Gaiety, Antiques and Vintage Store.

Her educational background includes a diploma in Textile Design (GMIT, Galway), first class honours degree in Illustration (Derby University,England) and one year of an MA in Children’s Book Illustration (Anglia Ruskin University, Cambridge, England).


Pamela has exhibited in solo shows and in numerous selected group shows and has work appearing in many private collections both in her native town of Westport, and elsewhere in Ireland and abroad.

It was Pamela who designed the wonderful image on the home page of our website and which features on the mural outside the Gnó Mhaigh Eo office.

Teagmháil | Contact