Keans Claremorris

Tá Keans i gClár Chlainne Mhuiris, ar cheann de na gnólachtaí is seanbhunaithe i Maigh Eo, ó bunaíodh é sa bhliain 1915 ag Thomas H.Kean, athair an úinéara reatha, James Kean. In 2016, rinne siad cinneadh Gaeilge a chur ar an gcomharthaíocht sa siopa agus d’éirigh leo úsáid a bhaint as seanfhocail chun an sprioc sin a bhaint amach. Ag baint leasa as na seanfhocail, spreagann an chomharthaíocht nua cumarsáid de chineál nua leis na custaiméirí agus léiríonn siad an-suim iontu. Cuireann sé go mór le híomhá ginearálta an tsiopa, rud a spreagann daoine chun cainte.

Teagmháil | Contact