Gúna Nua Boutique

Sa lá atá inniu ann, in Éirinn ina labhraítear an Béarla go forleathan, nuair a bhíonn cailíní á réiteach féin chun dul chuig ócáid mhór, ní rud neamhghnách é in aon chor go gcuirfidís ceist ar a chéile –‘Have you your gúna ready?’. Is í an tsimplíocht ceann de na rudaí is fearr faoin mbranda seo. Aithníonn gach duine na focail gúna agus nua ón scoil agus aithnítear láithreach cad é an táirge. Baineann Suzanne Kilkenny leas as an nGaeilge in go leor bealaí ina gnó. Tá Gaeilge scríofa ar na málaí siopadóireachta, baineann sí úsáid as an nGaeilge go minic ar an leathanach facebook atá ag an siopa agus tá plean aici suíomh gréasáin dátheangach a fhorbairt freisin. Bíonn ríméad ar Suzanne i gcónaí nuair a fheiceann sí a custaiméirí agus a lucht leanúna ag déanamh cumarsáide lena chéile i nGaeilge nuair a chuireann sí tráchtaireacht nó ceist i nGaeilge ar na meáin shóisialta. Bíonn Suzanne ag glacadh páirte sna ranganna Gaeilge mar chuid de Operation Gaeilge freisin.
 

Teagmháil | Contact