Clew Bay Creations

Bhunaigh Carolyn Claire Mitchell Clew Bay Creations roinnt blianta ó shin agus bhí ról lárnach ag an nGaeilge riamh agus chóiche ina gnólacht. Is Baile Átha Cliathach ó dhúchas í, atá lonnaithe anois i gContae Mhaigh Eo. Is as marmar Chonamara agus gloine athchúrsáilte a dhéanann Carolyn a seodra agus iad maisithe le siombailí Ceilteacha agus dearthaí. Tá suíomh idirlín dátheangach aici agus úsáideann sí Gaeilge ar na táirgí a dhíolann sí chomh maith. Is cainteoir Gaeilge í Carolyn agus bíonn seirbhís trí mheán na Gaeilge ar fáil do chustaiméirí am ar bith!

Teagmháil | Contact