Nádúrtha

Is raon pasta orgánach é Nádúrtha atá déanta i mBaingear Iorrais, Co. Mhaigh Eo. Is táirge bia ceardaithe d'ardchaighdeán é atá déanta de chomhábhair orgánacha, cruithneacht dúraim atá fásta go háitiúil ar fheirm an teaghlaigh agus uibheacha úra orgánacha san áireamh. Úsáidtear dísle cré-umha agus próiseas mall-triomúcháin chun na príomhchothaithigh a leasú agus pasta atá "éadrom, blasta agus fionnuartha" a chruthú. Tá "Peisteo Orgánach Glas" mar chuid den raon atá forbartha acu chomh maith. Is sárshampla de bhrandáil láidir agus éifeachtach é "Nádúrtha", a chiallaíonn ‘natural’, a léiríonn na modhanna traidisiúnta atá i bhfeidhm acu sa phróiseas táirgthe. Tugann an branda féiniúlacht uathúlachta don phasta mar bhia ceardaithe le híomhá Éireannach agus cuireann sé le nádúr orgánach an táirge i meon an tomhaltóra. Cuireann sé go mór le muinín an tomhaltóra agus ar ndóigh, cuireann sé sin go mór leis na díolacháin. 

Nádúrtha Pasta is an organic pasta range that is produced in Bangor Erris, Co. Mayo. This artisan product is made with the finest organic ingredients including organic durum wheat which is grown locally on the family owned farm. Combined with fresh organic eggs and processed using a bronze die and a slow drying process, key nutrients are preserved creating a "light, tasty and refreshing" pasta. Nádúrtha also produce an organic green pesto sauce, suitably labelled "Peisto Orgánach Glas". Nádúrtha is an excellent example of the effective use of the Irish language in the branding and labelling of their products. The name "Nádurtha" meaning 'natural' is evocative of the traditional methods used to produce the pasta, establishes the brand as uniquely Irish and enhances the high-quality organic nature of the product in the mind of the consumer. This is pivotal in the promotion of consumer trust and loyalty and subsequently strengthening sales.

Teagmháil | Contact